Beathaisnéis

Tá tuigbheáil iomlán le fáil nuair a shiúltar trí chnoic ghaofar agus tránna fhada Thír Chonaill.
Tógtha ar an ghaoth, gan srian gan am, mar bheadh séideán sí ann, síneann glór Moya i bhfad i gcéin, ach fósta téann go smior i gcroí an éisteora. Ceolann sí le glór aingil, ag musclú spiorad i ngach duine.

Tugann a ceol faoiseamh don chroí agus suaimhneas don intinn, ag spreagadh na céadfaí agus ag ciúiniú an croí atá tuirseach.
Le ceol nua-aimseartha agus mistiúil, léiríonn Moya seanchas a ceantar dúchais, ceantar atá lán d’áilleacht, draíocht agus saibhreas tradisiúnta.

Ceolann sí ó chroí amach chuig lucht éisteachta atá lán dhóchas, muinín agus áthas.

Sea, déanann gach rud ciall, agus tá na buntréithe céanna seo le fáil i mórchuid de cheoltóirí cáiliúla na cruinne.
Tá sé dochreidte go bhfuil a glór ag dul ó neart go neart.. Tá sí mar banríon ar an cheol Ghaelach ar staitse an domhain.
Ina cuid ceoil, ní raibh Moya ariamh sásta an gnáth stíl tradisiúnta, socúil, compordach a leanúint. Bhíodh sí ag seinim mar pháiste sna hallaí damhsa lena athair Leo, bhí sí meallta ag na glórthaí a léithéidí Joni Mitchell agus na Beach Boys, sular bheartaigh sí fhéin, in éineacht lena grúpa Clannad, ar aistear diamhrach ag baint usáid as stair saibhir agus ceol fonnmhar Ceilteach ona dúchas.

D’iompaigh Clannad an domhan bunoscionn le ceoil traidisiúnta. Nuair a chum siad Harry’s Game, thug siad an teanga agus ceol Gaelach go áiteanna nár samhlaíodh di ariamh roimh ré, Top of the Pops, conraidh taifid le comhlachtaí mór le rá agus turais domhanda.

Na torthaí: Duaiseanna Ivor Novello agus BAFTA agus, tar éis morán ainmniúcháin, duais Grammy i 1999. Bhí a gceol nua, bríomhar agus réablóideach.

Le cois seo, tá pearsantacht fé leith ceoil a fhorbairt ag Moya, rud atá léirithe cheana ina réimse leathan oibre. Go minic is féidir ré ceoltóir a thomhais i míonna ach i gcás Moya is blianta atá i gceist.

Bhí Moya i gconaí dírithe go dian ar a cuid oibre a rith a haistear éagsúl trí hallaí scoile, clubanna ceoil traidisiúnta, féilte, dioscóanna, tithe pobail agus na hallaí ceolchoirmeacha is cáiliúla sa domhain. Téann áilleacht a ceol agus cumhacht a fuaimeanna go smior san éisteoir. Go ciúin, gan stad gan staonadh, tá a cuid amhráin agus ceol ag déanamh athfhorbairt ar cheoil Gaelach.

Register for Updates

Join the mailing list to receive the latest news and updates from Moya.

Subscribe to Moya's Newsletter

We use Elastic Email as our marketing automation service. By submitting this form, you agree that the information you provide will be transferred to Elastic Email for processing in accordance with their Terms of Use and Privacy Policy.

You have Successfully Subscribed!